Collection title

Cúlra ar an mBailiúchán

Bailiúchán Leabhar Síniúchán Phríosún Chill Mhaighneann

Sa suíomh seo cuirtear cuid bheag de bhailiúchán Phríosún Chill Mhaighneann ar fáil ar líne don phobal i gcoitinne. Sna blianta amach romhainn, cuirfear tuilleadh leabhar síniúchán ó bhailiúchán an Phríosúin ar fáil leis an tréimhse 1918-23 a chlúdach. Ar an iomlán, i mbailiúchán leabhar síniúchán Phríosún Chill Mhaighneann tá níos mó ná 12,000 ainm díobh siúd a cuireadh i bpríosún sa tréimhse iomlán 1916-23.

Is é Boston College Ireland a rinne an tionscadal seo a bhainistiú leis an suíomh seo a léiriú agus is é Roomthree Design a dhear é agus is é Glenbeigh Records Management a rinne na leabhair a dhigitiú. Ní fhéadfaí an tionscadal seo a chur i gcrích gan tacaíocht an OPW agus go háirithe saineolas agus comhairle ó chartlannaithe Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann.

Cúlra

D’athraigh Éire go hiomlán i rith na mblianta ón gcéad chéim den Bhille Rialtas Dúchais in 1912 go dtí deireadh an Chogaidh Chathartha in 1923. Cé go mbeadh tionchar ag an méid sin fórsaí ar Éirinn le linn na mblianta seo, éifeachtaí an Chéad Chogadh Domhanda, na hide-eolaíochtaí  malartacha den Aontachas, Náisiúnachas, agus den Phoblachtachas san áireamh, seans gurb é Éirí Amach 1916, agus go háirithe an chaoi inar fhreagair na Briotanaigh dó, rinne an méid sin le tuairim mhuintir na hÉireann a athrú ón mbonn.

Is é an aidhm a bhaineann leis na leathanaigh seo ná chun féachaint agus míniú a thabhairt ar stair na tréimhse inar cuireadh an méid sin d’fhir agus mná na Éireann i bpríosún le linn na tréimhse 1916-18. Agus béim ar leith á leagan ar na próisis dlíthiúla a úsáideadh le hÉireannaigh a ghabháil agus a chur i bpríosún tá mínitheoir ann maidir leis an gcaoi inar oibrigh an próiseas breithiúnach i dtréimhse ina raibh an méid sin clampair. Toisc go gclúdaíonn na leabhair síniúchán atá ar taispeáint anseo réimse leathan de phríosúin éagsúla, tá píosa faoi na láithreacha éagsúla, an stair a bhaineann leo agus conas a bhí na príosúnaigh Éireannacha i suíomh ar leith ag aon am ar leith. Ar deireadh, tá béim ar na príosúnaigh iad féin ina mbreathnaítear ar cérbh iad féin agus cona a bhí a gcuid laethanta agus iad taobh istigh de bhallaí na bpríosún éagsúla.

Leabhair Síniúchán

Bhíodh sé an-choitianta go luath san fhichiú haois go leabhar síniúchán a bheith ag daoine. Bhí siad saor agus ar fáil go héasca, agus in amanna níos socra, bhailíodh úinéir an leabhair na síniúcháin den teaghlach, de na cairde nó de na daoine ar chas siad leo ag réimse leathan d’ócáidí sóisialta, spóirt nó cultúrtha. I rith an Chéad Chogadh Domhanda bhíodh leabhair síniúchán in úsáid go minic ag na saighdiúirí chun síniúcháin a gcomhshaighdiúirí ina gcathlán a fháil, nó cinn a gcomhphríosúnach, rud a tharla go minic, ag campa príosúnach cogaidh sa Ghearmáin. Sa chomhthéacs leathan seo, ní rud neamhghnách é mar sin, go raibh fáil ag príosúnaigh Éireannacha ar leabhair síniúchán agus bhainidís úsáid astu leis na síniúcháin a bhailiú díobh siúd a cuireadh i bpríosún in éineacht leo.

KMGLM 2010 0160_00028
Sampla de Leabhar Síniúchán

Ó osclaíodh Príosún Chill Mhaighneann don phobal sna 1970idí tá réimse ábhar bronnta ag iarphríosúnaigh pholaitiúla nó a sliochtaigh ar na cartlanna ansin. Clúdaíonn na leabhair síniúchán atá ar taispeáint ar an suíomh seo an tréimhse 1916-1918, agus is píosa an-bheag iad dá bhfuil sna cartlanna. Sna blianta amach romhainn beidh tuilleadh roghnúchán de leabhair síniúchán a chlúdaíonn na blianta de Chogadh na Saoirse agus den Chogadh Cathartha curtha ar fáil ar an suíomh seo.

Is samplaí an-spéisiúil iad na leabhair de chultúr ábhar ó thréimhse Réabhlóideach na hÉireann

Ag an leibhéal bunúsach sna leabhair tá ainm, dáta agus áit príosúnachta an phríosúnaigh. Sa chomhthéacs seo tá a gcuid taifead féin á gcruthú ag na príosúnaigh maidir le cén áit a cuireadh cibé duine i bpríosún, clár neamhfhoirmiúil de phríosúnaigh Éireannacha dóibh féin a d’imigh glan i gcoinne an saol a bhí acu i bpríosúin Bhriotanacha ina raibh siad go hiomlán faoi smacht. Leis na hainmneacha sa leabhar táimid in ann a thuiscint cé a gabhadh agus a cuireadh i bpríosún tar éis Éirí Amach na Cásca. Is ainmneacha an-aitheanta iad roinnt díobh agus bhain siad clú agus cáil amach go náisiúnta nuair a scaoileadh amach iad. Tá daoine eile nach bhfuil chomh haitheanta sin, agus ba é an tréimhse a chaith siad i bpríosún tar éis 1916 an deireadh leis an mbaint a bhí acu i gcúrsaí polaitíochta. Trí na hainmneacha a nascadh le comhaid Ráitis Finnéithe agus Pinsin Bhiúró na Staire Míleata mar a rinneadh ar an suíomh seo is féidir ainm a thógáil ón leathanach de na leabhair síniúchán agus tuiscint a fháil ar cén chaoi agus cén fáth a raibh na daoine seo i bpríosún.

Ós rud é gurb é atá i gceist le príosún ná seal a chaitheamh ann, baineadh úsáid as na leabhair síniúchán freisin leis an am a chaitheamh agus ina raibh na príosúnaigh in ann iad féin a chur in iúl. Tá réimse dánta agus ráitis pholaitiúla, leathanaigh ina bhfuil léaráidí ag baint úsáide as aeistéitic na hAthbheochana Cultúrtha a rinne an méid sin leis an Éirí Amach a chur i gcrích, agus tá léaráidí de na príosúin agus de na daoine a bhí ag maireachtáil iontu. Ar an iomlán tugann leabhair síniúcháin Chill Mhaighneann léargas an-spéisiúil maidir leis na príosúnaigh a bhí ann sna míonna  i ndiaidh an Éirí Amach agus is ábhar eile iad do na gaolta, taighdeoirí agus iad siúd a bhfuil spéis ghinearálta acu in 1916.