Collection title

Príosúin

Na hÁiteanna Coinneála, leis an Dr William Murphy

Tháinig na leabhair síniúchán ar féidir breathnú orthu ar an suíomh gréasáin seo ó na príosúnaigh (roinnt díobh a bhí ina ndaoránaigh, daoine eile ina n-imtheorannaithe) a bhí á gcoimeád i líon áiteanna coinneála i rith na mblianta ó 1916 go 1918.

Toradh den Chéad Chogadh Domhanda ba ea Ospidéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath. I mí na Nollag 1914, de réir mar a tháinig níos mó agus níos mó saighdiúirí gortaithe go Baile Átha Cliath ón bhfronta, tháinig moladh chun cinn le cur leis na háiseanna leighis a bhí ar fáil trí na hárasáin searmanais (Seomra an tSuíochána Ríoga san áireamh) a athrú isteach in ospidéal. Bunaíodh coiste, bailíodh airgead agus rinneadh Bord na nOibreacha na hoibreacha athchóirithe riachtanacha. Baill foirne an ospidéil ba ea dochtúirí Chór Liachta an Airm Ríoga, timpeall seasca altra agus an Chros Dhearg.

Caisleán Bhaile Átha Cliath, an áit ina raibh riarachán na Breataine in 1916 agus áit ar coimeádadh agus a ndearnadh cóireáil ar chuid mhór díobh siúd a bhí gortaithe sa troid ar dtús.

In 1916, tugadh cúram do na daoine a gortaíodh agus a carnadh i rith an Éirí Amach in ospidéil mhíleata agus shibhialta éagsúla ar fud na cathrach, an t-ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina measc. De réir A. Kinsella, chomh maith leis an 118 saighdiúir, 20 sibhialtach agus 2 chonstábla póilín, chuir na baill foirne sna háiteanna sin cóireáil leighis ar 34 reibiliúnach ghortaithe. Ina measc bhí Séamus Ó Conghaile, a gortaíodh go dona sa chos. Is cuimhin le Harry Colley, a ndearnadh obráid air de bharr gortuithe tromchúiseacha, ‘Cuireadh cóireáil leighis den scoth orainn . . . cé gur léir ag an tús gur bhreathnaigh cuid mhór de na haltraí orainn mar chíréibeoirí nó mar dhrongadóirí’.

Is cuimhin leis freisin agus é ag déanamh aclaíochta i ngairdíní an Chaisleáin nuair a bhí an aimsir go maith. Ar an gcuma chéanna, is cuimhin le Dan McCarthy, a bhí mar Uachtarán ar an CLG níos déanaí, gur thug an Máinlia Haughton, ag a raibh sé faoina chúram, ‘an-aire dom’ cé gurbh Aontachtaí a bhí ann. Éagsúil ó Colley agus McCarthy, a rinneadh a imtheorannú sa Bhreatain nuair a tháinig biseach orthu, bhí Cathal Brugha chomh gortaithe sin gur scaoileadh amach é nuair a ceapadh é a bheith maith go leor leis an ospidéal a fhágáil i mí Lúnasa 1916.

I ndiaidh an Éirí Amach aistríodh níos mó ná 2,000 fear le himtheorannú sa Bhreatain trí úsáid a bhaint as forálacha an Achta um Chosaint na Ríochta (AUCR). Cuireadh iad chuig 8 bpríosún nó ionad choinneála faoi rialú na hOifige Cogaidh: na háiteanna seo ba ea Knutsford, Wakefield, Wandsworth, Woking, Lewes, Barlinnie, Perth agus Stafford. Cuireadh an cúigear ban a rinneadh a imtheorranú chuig príosún sibhialta in Lewes. Ar dtús, agus an bealach le caitheamh leis na himtheorannaithe sa todhchaí á mheas, chuir na húdaráis córais an-dian i bhfeidhm sna háiteanna seo. Ní raibh cead ag na himtheorannaithe litreacha a sheoladh ná a fháil, ná cuairteoirí a fháil. Cuireadh córas ciúnais i bhfeidhm agus níor éirigh leo mórán aclaíochta a dhéanamh. Ba aiste bia bunúsach a bhí acu agus ní rabhthas in ann cur léi ón taobh amuigh. Go déanach i mí na Bealtaine, d’éirigh na córais seo i bhfad níos boige. Bhí cead ag na himtheorannaithe litreacha a sheoladh agus a fháil, agus bearta, bia agus cuairteoirí a fháil. Leis sin bhí siad in ann cumarsáid a dhéanamh freisin; thosaigh siad láithreach á n-eagrú féin agus ag eagrú a gcuid uaireanta i rith an lae.

I measc na gcéadta ar leith a coimeádadh i Príosún Stafford (gar do Birmingham) bhí Micheál Ó Coileáin, Darrell Figgis (a scríobh faoina chuid taithí ansin ina chuimhní cinn, A Chronicle of Jails), James Ryan, agus Patrick Colgan. Bhí an bunfhoirgneamh príosúin, a tógadh go déanach san ochtú haois déag, fós in úsáid ansin in 1916 ach coimeádadh na himtheorannaithe Éireannacha in dhá fhoirgneamh a bhí níos nua-aimseartha ar ar tugadh an Príosún Nua agus an Corrán. Ina ráiteas chuig Biúró na Staire Míleata, rinne Colgan cur síos air mar ‘áit chomh doicheallach a bhí ann’ cé gur mhol sé, cosúil le cuid mhór díobh a coimeádadh ansin, ‘cineáltas’ an Athar Moore, sagart Caitliceach áitiúil a tháinig chuig an bpríosún le gníomhú mar shéiplíneach do na himtheorannaithe Éireannacha.

Roinnt seachtainí tar éis an córas feabhsaithe a thabhairt isteach tháinig an tAthair Moore, ‘agus deora ina shúile’ chuig Figgis agus dúirt sé ‘Tá siad ag tógáil na bhfear uaim.’ Bhí an próiseas seo ar bun sna príosúin uile áit a raibh imtheorannaithe fireanna á gcoimeád. Shocraigh na húdaráis go mbeadh campa imtheorannachta in Frongoch, gar do Balla, i dTuaisceart na Breataine Bige, agus, ag tosú ar an 9 Meitheamh, thosaigh siad ag aistriú an chuid is mó de na himtheorannaithe fireanna chuig an áit sin. Ghlac sé seo tamall, ach ag an am ba ghnóthaí, i lár mhí Iúil, bhí c. 1800 imtheorannaí faoi choimeád ansin. I ndáiríre, is é a bhí i gceist le Frongoch dhá champa. Ba dhrioglann nach raibh in úsáid a bhí sa ‘campa ó dheas’ a aistríodh isteach in dhá shuanlios agus áiseanna eile (do phríosúnaigh cogaidh ar dtús), agus sa ‘campa ó thuaidh’ bhí fiche a seacht bothán mhóra, roinnt díobh a bhí ann mar shuanliosanna agus roinnt díobh a bhí ann chun críocha reiligiúnacha, caithimh aimsire nó leighis.

Príosúnaigh Éireannacha ar paráid ag Frongoch, 1916.

Bhí cuimhní an-éagsúil ag imtheorannaithe den áit, faoi na coinníollacha ansin ina measc, ach ceaptar gur bhreithiúnas cóir a bhí sa bhreithiúnas a rinne an staraí Seán McConville: ‘campa de chuid Sparta a bhí ann seachas campa chruálach’. Bhí roinnt mhaith saoirse ag na himtheorannaithe leis an saol a bhí acu laistigh den tsreang a eagrú, agus tháinig cultúr campa chun cinn bunaithe ar chluichí, siamsaíochtaí, ranganna agus traenáil. Leagadh béim ar an éifeacht dlúthchaidrimh a cothaíodh de bharr na taithí a bhí ann do na himtheorannaithe i gcuid mhór den litríocht. Na fotheidil a bhí ag Seán O’Mahony agud Lyn Ebenezer ar a gcuid leabhar ‘University of Revolution’ agus ‘The Birth of the IRA’. Bhí McConville níos srianta ach chuir seisean fiú fotheideal ar an gcaibidil a bhí aige ar an ábhar ‘campa traenála sa Bhreatain Bheag’. Is fiú cuimhneamh, mar sin féin, go raibh easaontais i measc na n-imtheorannaithe idir cohórt míleatachais agus cohóirt eile nach raibh chomh radacach sin sula ndearnadh iad a imtheorannú agus ní dhearnadh iad a radacú leis an taithí. Faoi mhí Mheán Fómhair, nuair a scaoileadh amach cuid mhór díobh siúd a measadh nach raibh chomh dainséarach sin, laghdaíodh daonra an champa go cohórt níos trodaí de tuairim is 540 fear. De réir a chéile, sna míonna ina dhiaidh sin bhí easaontas ann idir iadsan agus údaráis an champa. Ach, tháinig deireadh leis seo roinnt laethanta roimh an Nollaig nuair a scaoileadh amach na himtheorannaithe ar fad.

Bhí céad is a daichead reibiliúnach fhireanna agus bean amháin ar reibiliúnach í fós i bpríosún sa Bhreatain an Nollaig sin: na fir i bpríosún Lewes agus an bhean, Constance Markievicz, i bpríosún Aylesbury. Bhí siadsan difriúil toisc nach ndearnadh iadsan a imtheorannú ach cuireadh an dlí orthu os comhair armchúirte i mBaile Átha Cliath i ndiaidh an Éirí Amach. Tar éis iad a chiontú coimeádadh i bpríosún Mhuinseo iad i mBaile Átha Cliath, ach go luath ina dhiaidh sin aistríodh na fir uile go Sasana: 65 agus 57 príosúnach pianseirbhíse chuig príosúin Dartmoor agus Portland faoi seach, agus 18 bhfear, a fuair pianbhreitheanna daoroibre níos giorra, chuig Wormwood Scrubs. Sna háiteanna seo fuair siad taithí iomlán de na córais dhiana chuí do dhaoránaigh. Ansin, ar an 14 Samhain, tar éis brú polaitíochta a tháinig as Éirinn, d’fhógair an Rúnaí Baile, Herbert Samuel, go raibh i gceist aige na daoránaigh fhireanna a bhailiú le chéile in aon phríosún amháin, áit a mbeadh córas feabhsaithe bronnta orthu. Is é a bhí i gceist leis seo cuairteanna, litreacha a fháil agus a sheoladh níos minice, agus saoirse áirithe le ham a chaitheamh le chéile. Cuireadh é seo ar fáil i mí na Nollag áit ar bailíodh na fir le chéile in Lewes.

Ag tosú i mí an Mhárta 1917, d’éirigh na daoránaigh ansin níos treallúsaí faoi cheannaireacht Éamon de Valera, Thomas Hunter agus Thomas Ashe. Thug siad neamhaird ar na húdaráis maidir le rudaí beaga ar dtús, agus ag an deireadh d’eascair círéib, ag deireadh mhí na Bealtaine. Mar thoradh air seo cuireadh iallach ar na húdaráis an grúpa a bhriseadh suas trí roinnt díobh a chur chuig príosúin Maidstone, Parkhurst agus Portland. Chomh maith leis sin nuair a bhí siad in Lewes toghadh Joe McGuinness mar Theachta Parlaiminte do Longfort Theas ar an mana ‘Cuir isteach é chun é a fháil amach’. I lár mhí an Mheithimh scaoileadh amach na príosúnaigh úd a bhí fós in Lewes, agus na daoránaigh uile eile, mar iarracht, de réir cosúlachta, le timpeallacht dea-thola a chruthú do Choinbhinsiún na hÉireann a bhí ag teacht aníos.

Faoi lár mhí Mheán Fómhair 1917 bhí cohórt nua de dhaichead príosúnach d’Óglaigh na hÉireann nó mar sin (ciontaithe faoin AUCR, do dhruileáil neamhdhleathach den chuid is mó) cruinnithe i bpríosún Mhuinseo, Baile Átha Cliath. San áireamh anseo bhí grúpa as an gClár, faoi stiúir triúr deartháireacha Michael, Paddy agus Austin Brennan, a chin druileáil a dhéanamh, a bheith ciontaithe agus ansin dul ar stailc ocrais. Bhí roinnt de na hiardhaoránaigh a bhí in Lewes, Thomas Ashe agus Austin Stack ina measc, ansin freisin. Bhí rioscaí ann le príosúnaigh polaitíochta a choinneáil i ngrúpaí móra mar a bhí soiléir in Lewes. Dá ainneoin sin, chinn na húdaráis i gCaisleán Bhaile Átha Cliath na daoránaigh seo uile a chruinniú le chéile i Muinseo, seachas iad a scaipeadh timpeall phríosúin na hÉireann, toisc gurbh é Muinseo an príosún ba mhó sa tír agus toisc go raibh áiseanna leighis maithe aige sa chás go mbeadh stailc ocrais ann.

D’oscail Muinseo i mí an Mhárta 1850. Bhí sé bunaithe ar phríosún Pentonville, a osclaíodh i Londain in 1842, agus rinneadh é a dhearadh le húsáid a bhaint as leagan den ‘córas leithleach’ a bhí in úsáid in Pentonville. Ag an tús, bhí 496 cillín ann i gceithre sciathán, eagraithe ar nós spócaí rotha. In 1858 d’fhás an t-ionad nuair a tógadh príosún ar leith do dhaoránaigh bhaineanna. Bhí an dá cheann á mbainistiú ag Bord Phríosúin Ghinearálta na hÉireann (GPB) nuair a bunaíodh an foras sin in 1878. Mar a léiríonn Tim Carey i stair an phríosúin, d’athraigh ról Mhuinseo laistigh den chóras ag amanna éagsúla sna blianta ina dhiaidh sin ach faoi 1917 ba phríosún áitiúil do dhaoránaigh é do Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1917-1918, meánlíon laethúil na bpríosúnach a coimeádadh ann ba ea 192 fear agus 113 bean.

Ar an 20 Meán Fómhair thosaigh 38 príosúnach de phríosúnaigh Óglaigh na hÉireann stailc ocrais, ag éileamh go gcaithfí leo mar phríosúnaigh pholaitíochta nó mar phríosúnaigh chogaidh, téarmaí a d’úsáididís go hidirmhalartaithe. Mar thoradh ar an stailc fuair Thomas Ashe bás, tugadh cúl don bheathú le fórsa i bpríosúin na hÉireann, agus géilleadh ar chóras feabhsaithe do na príosúnaigh. Díreach ina dhiaidh, chinn na húdaráis freisin príosúnaigh den AUCR, a bhí i dteideal an chórais nua, a bhaint agus a chur chuig príosún Dhún Dealgan áit a bhféadfaidís iad a choinneáil scartha amach ó phríosúnaigh eile.

In 1916 ba é príosún Dhún Dealgan ceann amháin de na dhá phríosún déag áitiúla in Éirinn a bhí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Agus é tógtha in 1853 le teacht in áit príosúin a bhí níos sine agus níos lú, faoin mbliain 1916-1917 bhí 125 gnáthchillín in Dún Dealgan (in dhá sciathán) ach meánlíon laethúil na bpríosúnach (fir ar fad) ba ea 39 amháin. De bharr na gcúinsí seo dhún an GPB é. Ach, anois, athosclaíodh é agus cuireadh foireann nua isteach faoi ghobharnóireacht Patrick McHugh. Ar an 13 Samhain, fuair McHugh, as Muinseo, 64 príosúnach d’Óglaigh na hÉireann. San áireamh anseo bhí an chuid is mó díobh a ghlac páirt sa stailc ocrais a bhí ann le déanaí, agus daoránaigh nua, 20 óglach a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath san áireamh, a bhí ag caitheamh téarma príosúin trí mhí de bharr cionta druileála. Ar an drochuair do McHugh, thosaigh siad stailc ocrais láithreach, a rá gur briseadh an t-aontú ar thángthas air i Muinseo. Thar an gcéad chúig nó sé lá ina dhiaidh sin scaoileadh amach na príosúnaigh seo ar fad.

Príosúnaigh Éireannacha i bPríosún Stafford, Bealtaine 1916.

Ar feadh roinnt míonna bhí príosúin na hÉireann in éadóchas de bharr ‘ruaille buaille na stailceanna ocrais’ toisc gur éirigh le grúpaí i ndiaidh grúpaí de dhaoránaigh d’Óglaigh na hÉireann a bheith scaoilte saor trí úsáid a bhaint as an teaictic seo. Go déanach i mí Feabhra 1918 chinn na húdaráis nach mór deireadh a chur leis seo agus dá bhrí sin thug siad aghaidh ar na príosúnaigh a bhí ar stailc ocrais leis an gcinneadh: stop nó bíodh ocras ort. D’oibrigh sé seo, in éineacht le comhaontú nua i lár mhí an Mhárta maidir le córas feabhsaithe nua. Uair amháin eile bhí Dún Dealgan ceaptha mar an t-ionad coinneála ar leith do phríosúnaigh a bhí i dteideal an córas comhaontaithe nua seo. Faoi dheireadh mhí an Mhárta, áfach, bhí sé lán agus bhí an sciathán baineann de  phríosún Béal Feirste, ar Bhóthar Chromghlinne, curtha ar leataobh do phríosúnaigh den tsórt sin. Bogadh na príosúnaigh bhaineanna chuig príosún Ard Mhacha leis seo a éascú.

Tógadh príosún Bhéal Feirste i lár na 1840idí agus tháinig na chéad phríosúnaigh ann in

1846. In 1918 ba cheann amháin eile de na dá phríosún déag eile é lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus bhí 155 gnáthchillín sa sciathán mór do mhná. Bhí 440 cillín fágtha le húsáid do ghnáthphríosúnaigh fhireanna sna sciatháin eile. Bhí 227 daoránach ar a laghad den Acht um Chosaint an Ríochta, a bhí i dteideal don chóras feabhsaithe, cuid mhór díobh ag caitheamh téarma príosúin ghearr, a tháinig go Béal Feirste idir an 11 Aibreán agus an 28 Meitheamh 1918. Ansin, thosaigh an 95 fear ar sciathán an AUCR, faoi stiúradh Austin Stack agus Joe MacDonagh, feachtas maidir le cur isteach torannach. Ós rud é go raibh sciathán na mban ar feadh an bhóthair, bhí go leor spéise á chur in agóidí na bpríosúnach ón taobh amuigh agus chothaigh sé léirsithe i measc dílseoirí ar Bhóthar Chromghlinne. Nuair a chinn an gobharnóir, William Barrows, na fir a bhogadh chuig sciathán difriúil chuir siad ina aghaidh agus d’eascair círéib dá bharr.

I gcomparáid leis seo bhí an chuid eile den tsamhradh agus geimhreadh ciúin i bpríosún Bhéal Feirste, ach choinnigh líon na bpríosúnach den AUCR a bhí á gcoimeád ansin ag fás. I mí Iúil dhún an GPB Dún Dealgan arís agus bogadh na príosúnaigh den AUCR ansin le bheith lena gcomhghleacaithe i mBéal Feirste. Ansin, go déanach i mí Dheireadh Fómhair buaileadh an fliú ar Éirinn. Fuair tuairim is 21,000 duine bás in Éirinn le linn paindéim an fhliú in 1918-1919, agus faoin 31 Deireadh Fómhair bhí 125 de phríosúnaigh AURC d’Óglaigh na hÉireann tinn. Mar a tharla ní bhfuair aon duine bás, ach le linn na géarchéime chuir údaráis an phríosúin feabhas ar a gcóras. Cruthaíodh teannas sa phríosún le linn mhí na Nollag nuair a bhí an dá thaobh ag dúil le dul ar ais chuig an gcóras oifigiúil. Ag an deireadh, ar an 22 Nollaig, thosaigh na príosúnaigh reibiliún príosúin: go bunúsach ghlac siad seilbh ar a sciathán, agus rinneadh scrios suntasach agus bharacádaigh siad iad féin ann dá bharr. Chríochnaigh an léigear seo le socrú trí idirbheartaíocht, a comhaontaíodh ar an 31 Nollaig 1918. Níor mhair an tsíocháin, áfach, toisc go raibh troid leanúnach ann arís sna míonna luatha in 1919 agus réabhlóid na hÉireann ag éirí níos foréigní lasmuigh da bhallaí an príosúin.

Is léachtóir é an Dr William Murphy i Scoil na Staire agus na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é an t-údar é de Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921 (2014).