Collection title

Príosúnaigh

Príosúnaigh Pholaitíochta agus Saol an Phríosúin, 1915 go 1918, leis an Dr William Murphy

1916-Prisoners-in-Richmond-Barracks
Príosúnaigh á gcoimeád in Dún Richmond tar éis an Éirí Amach i mí na Bealtaine 1916.

I rith na mblianta 1915 go 1918 thuig príosúnaigh pholaitíochta na hÉireann a bpríosúnacht agus léirigh siad í ar bhealaí éagsúla. Is é a bhí sa phríosúnacht, dar leo, de rogha air sin nó ina theannta, cur i bhfeidhm éagórach, deis le caidreamh a bhunú, scoil ceannairce, agus meafar do stádas na hÉireann. Bhí daoine eile ann a cheap go raibh sé chomh fadálach sin, gurbh eachtra a bhí ann, gur lagaigh sé an intinn agus an corp, gur bhealach é le clú agus cáil a bhaint amach, ócáid le haghaidh ceannairceachta, nó am amú a bhí ann le seachaint dá bhféadfaí é sin a dhéanamh. Ag an am céanna agus nasctha leis na freagraí aonair agus comhchoiteanna tá patrúin ann ar féidir a aithint ar an mbonn de na cohóirt príosúnach atá ag athrú, de na timpeallachtaí príosúin éagsúla, agus de na straitéisí a tháinig chun cinn i measc na bpríosúnach agus a lucht tacaíochta.

Agus é ag caint faoi Mhicheál Ó Coileáin a chaith seal gairid sa phríosún le linn an Earraigh in 1918, leag an staraí Peter Hart béim ar an tábhacht a bhain le dul chuig an bpríosún mar dheasghnáth aistrithe saoil don ghlúin réabhlóideach. Ba é an príosún, a scríobh sé, ‘ceann amháin de na heispéiris bhunathraitheacha a d’athraigh mic na gcléireach agus na bhfeirmeoirí isteach i bhfir nua: saighdiúirí agus mairtírigh’. Tá sé seo le feiceáil ó thús na tréimhse, i measc fíorbheagán, fiche duine b’fhéidir, b’in uile, a ciontaíodh i rith na bliana roimh an Éirí Amach. This na fir seo isteach i gceithre chatagóir: scarúnaithe aitheanta (go minic baill d’Óglaigh na hÉireann agus den BPÉ) a tharraing aird na bpóilíní de bharr oibre eagraíochta nó bolscaireachta; gníomhaithe áitiúla nach raibh chomh tábhachtach sin a gabhadh mar thoradh díreach ar an obair fhrithearcaíochta; fir nach raibh baint acu leis an ngníomhachas ach a tarraingíodh isteach in eachtraí ar leith d’agóidí; agus síochánaithe a bhí glan i gcoinne chomhar an chogaidh.

Coinníodh na príosúnaigh a bhí ann roimh an Éirí Amach ina n-aonar nó i ngrúpaí beaga i bpríosúin na hÉireann (Béal Feirste agus Muinseo), agus ar feadh tréimhsí sách gairid. Ní bhfuair siad stádas ‘polaitíochta’ ar leith agus, go ginearálta, níor chuir siad agóidí eagraithe ar bun leis seo a bhaint amach taobh istigh de na príosúin. Mhol Ernest Blythe, a bhí ina measc, nach mbunóidís feachtas le stádas den tsórt sin a bhaint amach, agus an chóir níos fearr a bheadh i gceist leis, toisc nár thuig siad go raibh na Sasanaigh tar éis ‘éirí níos boige’ ó ré na bhFíníní. Ina ionad é sin, mar a bhí príosúnaigh na bhFíníní, baineadh leas astu le haghaidh bolscaireachta suntasaí agus cúrsaí polaitíochta áirithe lasmuigh de na príosúin. Mar shampla, spreag sochraid Jeremiah Ó Donnabháin Rossa i mí Lúnasa 1915 na príosúnaigh agus bolscairí le nascadh a dhéanamh leis na tíorántachtaí san am a chuaigh thart leis an leatrom den am i láthair. Ina óráid socraide cháiliúil thug Pádraig Mac Piarais le fios ní hamháin go raibh na caointeoirí i gcomhpháirteachas spioradálta le Ó Donnabháin Rossa agus ‘leo siúd a d’fhulaing leis i bpríosún Shasana’ ach ‘lenár gcomrádaithe dílse a bhíonn ag fulaingt i bpríosúin Shasana sa lá atá inniu ann’. Sa samhradh in 1915 ba leor a bheith mar aicme na mairtíreachta agus bolscaireacht leatroim a chothú. Eisceacht leis seo ba ea an síochánaí Francis Sheehy Skeffington. Seachas a bheith ag breathnú ar shampla na bhFíníní, fuair seisean treoir ó phríosúnaigh na sufraigéidí de na blianta a bhí ann roimh an gcogadh agus chuir sé agóid mhíleatach ar bun – i bhfoirm stailc ocrais – isteach sa phríosún, a chinntigh gur scaoileadh amach é sa phróiseas.

prisoners marched
Cuireadh príosúnaigh ag mairseáil trí Bhaile Átha Cliath chuig na Céanna agus ar aghaidh go dtí an Bhreatain i mí na Bealtaine 1916.

De réir Charles Townshend, i rith agus díreach i ndiaidh an Éirí Amach, ghabh na húdaráis 3,430 fear agus 73 bean. Nuair a dhéanann tráchtairí cur síos ar an Éirí Amach mar chasadh na taoide, de ghnáth déanann siad tagairt do na básuithe a tharla ina dhiaidh. Mar sin féin, bhí an bealach inar gabhadh go neamh-idirdhealaitheach an chuid is mo díobh siúd a raibh baint acu leis, in éineacht leo siúd nach raibh baint acu leis, agus inar cuireadh níos mó ná leath díobh i bpríosún nó ina ndearnadh iad a imtheorannú sa Bhreatain, chomh tábhachtach céanna. Chuir sé isteach ní hamháin ar mheonta na gcéadta teaghlach agus pobal ach ar thuairim phoiblí na náisiúnaithe in Éirinn i gcoitinne. Ar feadh níos mó ná bliain amháin bhí na príosúnaigh seo (imtheorannaithe agus daoránaigh) ina n-eiseamláirí beo de thíorántacht líomhnaithe fhreagairt na Breataine.

Mar a luadh sna hÁiteanna Coinneála, coimeádadh an mionlach a ciontaíodh i bpríosúin shibhialta (Dartmoor, Portland agus Wormwood Scrubs) faoi choinníollacha déine do dhaoránaigh, cé gur coinníodh iad scartha ó na príosúnaigh eile. Ag an deireadh aistríodh iad ar fad go dtí Lewes i mí na Nollag 1916, áit ina raibh córas feabhsaithe ann dóibh. Sna tréimhsí luatha d’aclaíocht in Lewes bhí sraith de theacht le chéile agus cur in aithne cairdiúil ann. Go luath ina dhiaidh sin, d’eagraigh na príosúnaigh gníomhaíochtaí agus ranganna éagsúla: Thuairiscigh Eoin Mac Néill ‘gach maidin ag an aclaíocht bíonn rang beag agam de bheirt nó triúr sa Ghaeilge nó i Stair na hÉireann: Is múinteoirí taistil sinn i ndáiríre.’ Go ginearálta, is cuimhin le Jack Plunkett go raibh na bairdéirí in Lewes ‘ag iompar iad féin cosúil le póilíní agus nach raibh siad dian agus dolúbtha ar nós na bairdéirí daoránach’, cé gur cuireadh pionós ar Vicent Poole nuair a d’imigh sé thar fóir ag canadh ‘The Green Flag’. Nuair a stopadh é, rinne Poole gearán a rá ‘go raibh sé chomh maith aige a bheith i bpríosún!’

Aithníodh gur ghlac cuid mhór de na daoránaigh róil ceannaireachta nó poist thábhachtacha roimh an agus i rith an Éirí Amach. Nuair a thug cigirí ó Choimisiún Príosún Shasana cuairt orthu le linn na seachtainí ba luaithe agus iad i bpríosún rinne siad taifeadadh go raibh príosúnaigh Portland ‘mar fhir a bhí an-spéisiúil’, agus bhí bealach ag na fir úd in Dartmoor ‘inar iompar siad iad féin go slachtmhar agus bhí siad i gcónaí measúil agus cuirtéiseach.’ Thug siad faoi deara gur ciontaíodh na daoránaigh go cinnte ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus ba eisceacht é dá léireoidís go raibh aiféala orthu de bharr an reibiliúin. Tugadh rabhadh dóibh freisin, cé go raibh siad ciúin ag an bpointe sin ba bhotún é a bheith ag ceapadh go leanfadh an meon seo. Tharla go raibh sé seo fíor nuair a d’éirigh na daoránaigh níos treallúsaí san Earrach in 1917. Agus iad bailithe le chéile faoi choinníollacha ina bhféadfaidís pleanáil a dhéanamh, ní raibh na príosúnaigh seo sásta ar feadh i bhfad leis an mairtíreacht ghéilliúil sa phríosún ach chuir siad i gcoinne na ngardaí príosúin go treallúsach ar bhealach a mbeadh níos coitianta sna blianta ina dhiaidh sin.

Coimeádadh Constance Markievicz, an t-aon daoránach baineann, i bpríosún Aylesbury. Sa chéad litir a scríobh sí ón áit sin, dúirt Markievicz lena deirfiúr Eva Gore Booth, ‘tá sé aisteach agus uaigneach anseo’. Mar an t-aon reibiliúnach baineann a ciontaíodh ní raibh an compord de chairdeas le reibiliúnaigh eile ar fáil di agus, ina ionad sin, bhí sí i gcuideachta na ndaoránach ab fhearr. Ba mhná iad seo nár ciontaíodh roimhe seo nó a ceapadh nach raibh siad coiriúil ná cam de ghnáth. Nuair a bogadh na daoránaigh reibiliúnacha fhireanna chuig Lewes, fuasclaíodh na coinníollacha beagdheise agus aonaracha a bhí ag Markievicz i gcomparáid leis na fir. Mar thoradh air seo, cuireadh lena cearta le haghaidh litreacha, cuairteanna agus áiseanna scríbhneoireachta. De réir mar a tharraing comhlachtaí poiblí éagsúla aird ar a cás agus í a thoghadh chuig oifigí oinigh, dúirt sí ‘Taim sásta go bhfuilim i m’Uachtarán den mhéid sin rudaí! Mholfainn i gcónaí do chumainn a gcuid uachtarán a roghnú as na príosúnaigh, toisc gur daoine leadránacha i gcónaí iad na huachtaráin agus sa bhealach ar na coistí dá bharr!’

Tar éis tréimhse ar dtús agus iad scaipthe thar réimse leathan d’ionaid choinneála, cruinníodh imtheorannaithe 1916 i dtrí láthair faoi choinníollacha a bhí ar nós na cinn a bhí ag ‘príosúnaigh chogaidh’. Bhí an chuid is mó de na fir faoi choimeád ag Campa Frongoch (féach Na hÁiteanna Coinneála le haghaidh mionsonraí). Cuireadh an chuid eile de na fir chuig Príosún Reading: iad siúd a measadh a bheith ‘mar cheannairí lucht Sinn Féin’. Idir 25 agus 40 duine a bhí i gceist leis an líon seo. Mar sin féin, níor fhorbair an choinbhleacht a thiocfadh chun cinn in Lewes agus Frongoch in Reading. Go deimhin, nuair a scaoileadh na himtheorannaithe i gcoitinne i mí na Nollag 1916, thuairiscigh an gobharnóir, an Captaen F.G. Morgan, ‘gur léirigh na himtheorannaithe uile go raibh siad an-sásta sular fhág siad – ar an mbealach a caitheadh leo agus mothaím go bhféadfainn agus m’fhoireann siúl timpeall na hÉireann agus gan a bheith lámhachta.’

Rinneadh cúigear ban a imtheorannú sa Bhreatain tar éis an Éirí Amach: Helena Molony, Marie Perolz, Brieda Foley, Ellen Ryan, agus Winifred Carney. Roghnaíodh iad as an dáréag ban nár ciontaíodh a bhí fós i Muinseo go luath i mí an Mheithimh 1916 agus aistríodh iad go príosún na mban in Lewes. Taobh istigh de mhí, mhol Coiste Sankey gur chóir Perolz agus Foley a scaoileadh amach agus, ag an bpointe sin, mhothaigh coimisiún na bpríosún nach bhféadfaidís Lewes in úsáid le haghaidh triúr imtheorannaithe a chosaint. Ina ionad sin, mhol siad iad a aistriú chuig Aylesbury agus ordaíodh é seo ar an 24 Iúil. Ansin, bhí baint ag na mná le ‘imtheorannaithe coimhthíocha’agus cuireadh córas an-liobrálach ar fáil dóibh.

Agus é ag scríobh ó Phríosún Bhéal Feirste sa samhradh in 1918, ní raibh amhras ar bith ar Chaoimhín Ó hUiginn maidir leis na héifeachtaí a d’eascair as na gníomhaithe scarúnaíocha a raibh amhras fúthu a chur i bpríosún: ‘ní raibh rud ar bith,’ a mhaígh sé, ‘a chabhraigh níos mó le Sinn Féin a aontú agus a sheasamh gualainn ar ghualainn ná an bhaint a bhí ag líon mór fear lena chéile as gach cearn den tír sna príosúin agus sna campaí imtheorannaithe i Sasana in 1916. Le cois sin, téann na fir seo amach agus iad measartha níos láidre, níos meáite, níos ullmhaithe do na dúshláin atá i ndán dóibh … i mo thuairimse dá mhéad d’fhir sa tír a bhí ag fulaingt sna príosúin is ea is deacra a bheidh sé do Shasana an tír seo a rialú amach anseo. . . . Dá bhrí sin, amach leis na barántais, ionsaigí na fir G, amach leis an Maria Dubh, líonaigí suas na príosúin.’ Ar ndóigh, bhí méid áirithe gaisciúlachta i gceist leis an ráiteas seo. Cinnte dearfa bhí sé á scríobh chomh maith céanna ar mhaithe leis an gcinsire agus a bhí sé ar mhaithe lena chara lasmuigh. Ach, faoin am sin, níl aon amhras faoi ach gurbh áiteanna iad na príosúin ní hamháin inar athraíodh iad siúd a gabhadh isteach i réabhlóidithe níos éifeachtaí ach i láithreacha réabhlóideacha freisin.

Idir an samhradh in 1917 agus teacht chun cinn na treallchogaíochta i rith 1919, bhí na céadta d’Óglaigh na hÉireann faoi choimeád i bpríosúin Éireannacha. Sa chuid is mó de na cásanna ciontaíodh iad de bharr páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a ndearna Joost Augusteijn cur síos orthu mar fhoirmeacha de ‘cur i gcoinne poiblí’. San áireamh anseo bhí druileáil phoiblí nó cineálacha eile de thionól neamhdhleathach. Le linn na tréimhse sin, thóg siad an meon seo den chur i gcoinne isteach sna príosúin, agus chinntigh siad go raibh na hagóidí sna príosúin, ar feadh tamaill ar a laghad, an cineál gníomhaíochta réabhlóidí ba radacaí agus ba éifeachtaí in Éirinn. Trína ngabháil féin a ghríosú, chruthaigh Óglaigh na hÉireann é go raibh údarás na Breataine in Éirinn le feiceáil agus ní raibh mórán measa orthu. A luaithe a bhí siad i bpríosún d’imigh siad i gcoinne an údaráis sin, agus chruthaigh siad é go raibh sé níos feiceálaí agus níos míghnaíúla trí na hagóidí ar nós na stailceanna ocrais, sular baineadh an bonn uaidh agus rinneadh é a nochtadh ina cheap magaidh trí na córais feabhsaithe a bhaint amach nó trí bheith scaoilte amach go luath. Rinne bolscaire amháin cur síos ar na hagóidí i bpríosún ag an am sin mar ‘brainse den chogaíocht nach raibh múinte i hallaí druileála de ghnáth ach mar sin féin bhí siad riachtanach dár saighdiúirí ar son na saoirse’, agus rinne iarshaighdiúir de na stailceanna ocrais, círéibeacha agus feachtais d’easumhlaíocht chomhpháirteacha a bhí mar chomharthaí de na príosúin Éireannacha in 1917 agus 1918 cur síos ar na príosúnaigh mar ‘Arm an Taobh Istigh (de phríosúin na Breataine)’.

Nuair a bhain na príosúnaigh córas feabhsaithe agus caidreamh amach sna príosúin ainmnithe bhí sé seo in ann agus rinne sé an phleanáil a éascú den chéad dhúshlán eile do na húdaráis. Leis seo freisin tháinig cultúr príosúin chun cinn a bhí an-chosúil leis an gceann a bhí i gCampa Frongoch. San fhómhar in 1918, mar shampla, rinne príosúnach amháin cur síos ar phríosún Bhéal Feirste mar ‘Óstán Mór (sic)’ agus scríobh sé ‘is féidir linn … ár rogha rud a dhéanamh ach amháin dul amach.’ Bhailigh na príosúnaigh le chéile i gcillíní – ceann amháin leis an leasainm ‘Teach Tábhairne Mulcahy’ – le labhairt agus le ranganna a reáchtáil. Bhí nuachtán lámhscríofa acu agus bhunaigh siad cumann liteartha. Bhí comórtais spóirt acu gach lá (liathróid láimhe, cluiche corr nó an dornálaíocht) agus ceolchoirmeacha oíche Dhomhnaigh agus ag ócáidí speisialta. Bhunaigh siad cumainn bhráithriúla iomaíocha, cumann na bhfear ‘bóna agus carbhat’ ina measc, inar chaith na fir bóna agus carbhat amháin os cionn an bhásta, a bhí mar bhuntáiste dóibh i rith na gcomórtas agus iad ag caitheamh uisce.

Bhí atmaisféar mar an gcéanna agus méid áirithe saoirse i measc na n-imtheorannaithe ‘Comhcheilg Ghearmánach’ a bhí faoi choimeád i bPríosúin Shasanacha idir mí na Bealtaine 1918 agus mí an Mhárta 1919. Mar sin féin, níor baineadh an bonn ón bhféidearthacht a bhí iontu mar chuidiú toghchánach san olltoghchán i mí na Nollag 1918. Ansin, d’ainmnigh Sinn Féin 34 de na himtheorannaithe Comhcheilg Ghearmánach agus bhain 28 díobh suíocháin amach. Agus an toghchán ag teacht aníos, scríobh duine amháin de na hiarrthóirí ar éirigh leis, Seán Etchingham, abhaile: ‘Tá seans maith agam má chomeádtar mé i bpríosún agus [an] toghchán ar bun. Is é an fear atá i bpríosún ar son na hÉireann an fear a mbeidh daoine ag tabhairt tacaíochta dó.’

Rising prisoners return to Dublin.
Cuireadh an-fháilte roimh na príosúnaigh ón Éirí Amach i mBaile Átha Cliath nuair a d’fhill siad in 1916 agus in 1917.

Níor chóir go mbeimis ag ceapadh nár chuir saol crua agus angar na príosúnachta isteach go mór ar shláinte choirp agus mheabhrach na bpríosúnach. Mar shampla, nuair a scaoileadh amach na himtheorannaithe i gcoitinne i mí na Nollag 1916, d’fhan beirt – William Thomas Halpin agus Edward Tierney – mar othair de Ghealtlann Denbeigh do dhaoine a bhfuil galar meabhrach orthu, sa Bhreatain Bheag. Thuairiscigh beirt bhan Miss Richards agus Miss Robinson, a thug cuairt orthu anois is arís, go raibh an chuma air gurbh é Tierney an duine a bhí níos breoite. Níor thaitin na cuairteanna leis agus is cosúil go raibh náire air, a rá arís is arís eile gur ‘cúis náire é dá chairde.’ Nuair a rinne grúpaí tacaíochta do phríosúnaigh roinnt bolscaireachta bogadh na fir chuig gealtlanna a bhí níos gaire dá dteaghlaigh. I mí Aibreáin, aistríodh Tierney go Gealtlann Long Grove in Epsom, gar do Londain, agus níos déanaí ansin bogadh Halpin go dtí Gealtlann Ghráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath. Fuair Halpin bás i nGráinseach Ghormáin níos déanaí sa bhliain sin, agus ar deireadh scaoileadh Tierney amach ó Long Grove ar an 16 Samhain 1917. Bhí triúr eile a bhí mar imtheorannaithe de Frongoch – Christopher Brady, Jack O’Reilly, agus Thomas Stokes – a fuair bás in 1917 agus fuair William Partridge, daoránach de 1916, bás go luath tar éis dó a scaoileadh amach. Is é is dóichí é, cé nach féidir a bheith cinnte de, go raibh ionchur ag an bpríosúnacht ar bhás na bhfear seo.

Mar sin, dóibh siúd a bhí go maith agus dóibh siúd a bhí tinn, bhí ríthábhacht leis an bpríosúnacht le taithí phearsanta na mílte fear agus bean a chruthaigh réabhlóid na hÉireann agus a d’éiligh leibhéil shuntasacha airde ón stát agus a institiúidí agus a chothaigh fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith achrannach dóibh freisin. Is é a bhí sna príosúin agus na campaí ná spásanna ina ndearna an stát iarracht an réabhlóid a chur faoi chois ach ba spásanna iad freisin inar cruthaíodh féiniúlachtaí réabhlóideacha agus láithreacha áit a ndeachaigh na réabhlóidithe le lámh láidir, agus uaireanta go rathúil, i gcoinne an stáit.

Is léachtóir é an Dr William Murphy i Scoil na Staire agus na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é an t-údar é de Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921 (2014).