Collection title

Próiseas Breithiúnach

An stát, an dlí agus príosúnacht pholaitiúil, 1914-1918, leis an Dr. William Murphy

Sna blianta ó 1916 go 1918 an t-arm dleathach ba thábhachtaí a bhí i lámha stát na Breataine in Éirinn, agus é ag iarraidh gníomhaíochtaí scarúnaithe na hÉireann a chur faoi chois, ba ea an tAcht um Chosaint na Ríochta (AUCR). Píosa reachtaíochta éigeandála a bhí in AUCR a cruthaíodh i gcomhthéacs bhriseadh amach an Chéad Chogadh Domhanda. Rith an pharlaimit é ar an 7 Lúnasa 1914, trí lá i ndiaidh don Bhreatain dul chun cogaidh, agus fuair sé Aontú an Rí an lá ina dhiaidh sin.

Píosa beag reachtaíochta a bhí in AUCR ach bhí impleachtaí ollmhóra i gceist leis. Go bunúsach bhí an rialtas in ann rialacháin a cheapadh – ar a tugadh na Rialacháin um Chosaint na Ríochta (RUCR) – a thug cumhacht don arm ‘sábháilteacht phoiblí agus cosaint na ríochta’ a chinntiú. Go sonrach, rinne an chéad Acht sin foráil dóibh siúd a sháraigh na rialacháin a bhí curtha le chéile gan chumarsáid a dhéanamh leis an namhaid, ná eolas a thabhairt dóibh, ná dóibh siúd a sháraigh na rialacháin a bhí curtha le chéile chun príomhchumarsáid agus infreastruchtúr iompair a dhaingniú, go bhféadfaí iad a thriail os comhair armchúirte seachas cúirt shibhialta.

Ina dhiaidh sin, rinneadh AUCR a leasú agus a dhaingniú le cúig Acht eile a leathnaigh na réimsí faoi rialú an AUCR agus cuireadh le líon na ndaoine a d’fhéadfaí a ionchúiseamh os comhair armchúirte. Bhí flúirse AUCR ina dhiaidh sin, agus bac á chur ar ghéillsinigh in an-chuid réimsí den tsaol, taisteal, áit chónaithe, cumarsáid postais, táirgeadh agus caitheamh bia, foilseacháin agus óráidí poiblí ina measc. I litir chuig an Evening Mail i mí an Mheithimh 1915 scríobh George Bernard Shaw, ‘Cuireann an tAcht um Chosaint na Ríochta deireadh leis an saoirse ar fad sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn ach amháin más amhail gur mian leis na húdaráis sinn a fhágáil.

Bhí blas den fhírinne sa scéal seo, cé gurb amhlaidh nár thit an chumhacht neamhshrianta ar an arm mar a cheapfá ar an gcéad fhéachaint, de bharr an chórais a d’fhás aníos trí na hAchtanna agus rialacháin. In Éirinn, ba iad na húdaráis mhíleata, na státseirbhísigh shinsearacha, agus na polaiteoirí i gcomhairle lena chéile a rinne na príomhchinntí maidir le polasaithe ó thaobh na rialachán nua a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, nuair a leasaíodh Acht mhí an Mhárta 1915 tugadh an ceart ar ais do ghéillsinigh na Breataine chun iad a chur chun trialach i gcúirteanna sibhialta. Ba fhadhb a bhí anseo d’údaráis na Breataine in Éirinn ós rud é go raibh giúiréithe na hÉireann mall agus gníomhaithe scarúnaíocha á gciontú, a chuir bac orthu iad a thabhairt os comhair na cúirte i gcúirteanna dúiche áit a mbíodh teorainn ar na pianbhreitheanna a ghearrfaí orthu. Ní hamháin é sin, ach bhí roinnt giúistísí Éireannacha – go háirithe sna cúigí – a raibh drogall orthu gníomhaithe scarúnaíocha a chiontú nó a chur i bpríosún.

Dá ainneoin sin, fiú roimh Éirí Amach na Cásca, thosaigh na húdaráis ag baint úsáide as an AUCR in éadan scarúnaithe na hÉireann. Go déanach in 1914 agus go luath in 1915, bhain siad úsáid as na rialacháin le nuachtáin scarúnaíocha a dhúnadh síos agus le bac a chur ar ghníomhaithe áirithe aitheanta ó bheith ag gluaiseacht. Ansin ó lár 1915 thosaigh siad polasaí de chiontú roghnaithe a dhéanamh ar ghníomhaithe a sháraigh na horduithe a chuir bac orthu ó bheith ag gluaiseacht agus ar ghníomhaithe a rinne iarracht cur in aghaidh na hearcaíochta nó cur isteach uirthi. Mar shampla, cuireadh Ernest Blythe i bpríosún i mí Iúil 1915 de bharr gur sháraigh sé ordú a chuir iallach air a bheith ina chónaí sa Bhreatain, agus cuireadh Desmond Fitzgerald i bpríosún i mí Dheireadh Fómhair as ucht óráid a dhéanamh in aghaidh na hearcaíochta.

Thosaigh an reibiliún i mBaile Átha Cliath Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916. D’fhógair an Tiarna Wimborne, Fear Ionaid an Rí, dlí airm i mBaile Átha Cliath agus sa chontae, an lá ina dhiaidh sin, ar an 25 Aibreán, agus leathnaíodh é chuig an gcuid eile den tír ar an 26 Aibreán. Is é is dóichí é gurbh é an t-acht ba thábhachtaí a rinneadh faoin dlí airm príomhfhoráil an Achta um Chosaint na Ríochta (Leasú) 1915, a chur ar fionraí in Éirinn. Mar thoradh air seo, d’fhéadfaí sibhialtaigh in Éirinn a thriail os comhair armchúirte.

Mar a mhíníonn Brian Barton, cuireadh 187 sibhialtach (183 díobh i mBaile Átha Cliath, 2 i gCorcaigh and 2 in Inis Córthaidh) chun trialach os comhair armchúirte tar éis an Éirí Amach. Bhí cúisimh ina leith faoi na AUCRanna 42 agus 50, a bhain le hiarracht a dhéanamh ‘éirí amach, ceannairc nó míshástacht a thosú …. i measc an daonra sibhialta’ agus gníomh a dhéanamh ‘a dhéanfadh dochar do shábháilteacht an phobail nó do chosaint na ríochta . . . agus mar aidhm aige cuidiú leis an namhaid.’ Armchúirt Ghinearálta ba ea fiche a dó de na trialacha (faoi stiúir abhcóide breithiúnais arna chuidiú ag triúr oifigeach déag) agus ba iad Armchúirteanna Ginearálta Mhachaire na cinn eile (faoi stiúir triúr oifigeach amháin). Cuireadh cúigear fear déag chun báis dá éis (ceathrar déag i gCill Mhaighneann agus duine amháin, Tomás Ceannt, i mBeairic Choinneála Chorcaí). Gearradh pianbhreith báis ar 53 duine eile ar a laghad ach laghdaíodh an breithiúnas píonóis go dtí tréimhsí ama i bpríosún. Ar an iomlán, bhí 140 fear agus bean amháin a chaith seal i bpríosún a bhí gearrtha ag na harmchúirteanna seo.

Coinníodh iad siúd a rinneadh a imtheorannú gan aon triail faoin AUCR freisin. Sa chás seo an rialachán ábhartha ba ea 14B, in raibh an t-údarás míleata inniúil in ann daoine, a bhí ‘de bhunús naimhde nó a raibh baint acu le cúrsaí naimhde’. Ceapadh an rialachán seo le héascú a dhéanamh ar na daoine úd ar tugadh ‘imtheorannaithe coimhthíocha’ orthu a choimeád, den chuid is mó daoine ó chúlra na Gearmáine nó na hOstaire a bhí ag maireachtáil (nó ar laethanta saoire i gcásanna áirithe) sa Bhreatain agus in Éirinn nuair a bhris an cogadh amach. Faoi mhí na Samhnra 1915 bhí níos mó ná 32,000 duine den tsórt sin i gcampaí agus in ionaid choinneála eile timpeall na Breataine agus na hÉireann. Rinne na rialacháin foráil do bhunú coiste chomhairligh a bhféadfadh na daoine a rinneadh a imtheorannú achomharc a dhéanamh chuige. I gcás na ndaoine úd a rinneadh a imtheorannú tar éis an Éirí Amach, bhí a chomhionann faoi chathaoirleacht Sir John Sankey, arna chuidiú ag an Giúistís Jonathan Pim, iar-aturnae ginearálta agus iar-Aturnae Ginearálta d’Éirinn, agus J.J. Mooney, Teachta Parlaiminte de Pháirtí na hÉireann.

Cé gur dhiúltaigh cuid mhór de na himtheorannaithe achomharc a dhéanamh, bhuail an coiste sin le chéile thar an samhradh de 1916 agus rinne siad breithiúnais i gcás gach ceann den 1,846 imtheorannaí a bhí fós faoi choimeád. Bhí éisteachtaí ar siúl acu ar feadh fiche a cúig lá, fiche a ceathair lá ar dtús (27 Meitheamh – 28 Iúil) agus ansin lá sa bhreis (28 Lúnasa) le héisteacht leis na cásanna de na cúig imtheorannaí a bhí tinn. Mhol siad díreach  573 díobh (nó 31% díobh a cuireadh faoi agallamh) a choinneáil imtheorannaithe. In iontráil a chuir Sankey isteach ina dhialann don 28 Iúil, dúirt sé ‘Críochnaithe le príosúnaigh de chuid Sinn Féin, seachas daoine áirithe atá san ospidéal. Buíochas le Dia. Ceann de na jabanna ba chrua agus cinnte ba ghránna a rinne mé riamh.’ Ba chinntí polaitiúla iad an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin leis na himtheorannaithe uile a scaoileadh amach i mí na Nollag 1916 agus, go deimhin an cinneadh leis na daoránaigh uile a scaoileadh amach i mí an Mheithimh 1917 agus ní cinntí dlíthiúla ná breithiúnacha a bhí iontu.

Idir mí Iúil 1916 agus mí Iúil 1917 níor cúisíodh ach 29 duine os comhair armchúirteanna le haghaidh cionta ceannairceacha faoin AUCR. Go déanach i mí an Mheithimh 1917, áfach, mhol Sir Bryan Mahon, an Ginearáloifigeach i gCeannas in Éirinn, don rialtas úsáid níos treallúsaí a bhaint as an AUCR. Rinne sé é seo mar fhreagra ar an bhféinmhuinín agus treallús a bhí tagtha chun cinn i measc scarúnaithe, an sampla is fearr de seo ba ea an fás sa druileáil phoiblí ag Óglaigh na hÉireann. Mar thoradh air seo rinneadh na hairí rialtais cinnneadh ar an 14 Iúil tabhairt faoi pholasaí leanúnach agus an dlí a chur orthu siúd a bhí ag glacadh páirte sa ‘mairseáil agus druileáil’ phoiblí os comhair armchúirte. De dheasca sin, chuirfí 89 príosúnach ar an iomlán i bpríosúin de chuid na hÉireann tar éis armchúirte sa bhliain 1917 agus in 1918 shroichfeadh an figiúr seo 148. Níl an chuid is mó de na gníomhaithe a cuireadh isteach i bpríosúin Éireannacha tar éis an dlí a chur orthu os comhair cúirteanna sibhialta ag baint úsáide as an AUCR san áireamh anseo. Mar sin féin, bhí an claonadh le feiceáil.

den tsórt sin amach as seacht bpríosún áitiúla – Corcaigh (26), Gaillimh (2), Luimneach (16), Doire (4), Muinseo (10), Sligeach (6) agus Port Láirge (6) – le cur go Béal Feirste. Is cosúil gur cuireadh an dlí ar an chuid is mó díobh siúd nach raibh san áireamh sa chóras ‘polaitíochta’ mar gheall ar an mbaint a bhí acu sa chorraíl thalmhaíochta a leathnaigh amach i gcontaetha áirithe san Iarthar le linn 1918, agus uaireanta is iad na ceannairí áitiúla d’Óglaigh na hÉireann nó de chuid Sinn Féin a spreag iad go díreach nó a bhí rannpháirteach.

Cuireadh an dlí ar bhaill eile d’Óglaigh na hÉireann, cé gur líon i bhfad níos lú a bhí i gceist, i rith 1918 trí úsáid a bhaint as Acht na gCoireanna 1887. Tugadh é isteach mar fhreagra don chorraíl thalmhaíochta a bhain le Plean an Fheachtais. Bhí na húdaráis in ann é a úsáid agus rinne siad é leis na hionchúisimh a thógáil le haghaidh tionóil neamhdhleathaigh, agus ní hamháin i rith na corraíola talmhaíochta. Cheap roinnt daoine a raibh amhras fúthu a bhí gafa, Micheál Ó Coileáin san áireamh, gur thosaigh na húdaráis ag baint úsáide as an tAcht de 1887 i gcoinne roinnt ball d’Óglaigh na hÉireann ionas nach mbeadh orthu an córas feabhsúcháin a bhronnadh bheadh oscailte dóibh leis an gciontú faoi AURC. A luaithe is a bhí sé seo mar ábhar conspóideach sa phreas, áfach, chuir an GPB – le hordú ón bPríomh-Rúnaí – cóir ‘pholaitiúil’ ar fáil dóibh siúd a ciontaíodh faoi Acht na gCoireanna, nuair is é a bhí i gceist leis an gcion, mar shampla, ‘druileáil neamhdhleathach’ seachas ‘grabáil talún’. Sa chaoi seo choinnigh na húdaráis, den chuid is mó, leis an spiorad seachas leis an litir chomhaontaithe ar sroicheadh uirthi lár mhí an Mhárta.

I rith 1918 baineadh úsáid as AUCR (rialachán 14B) arís chun éascú a dhéanamh ar an imtheorannú gan triail de chohórt de na príomhghníomhaithe de chuid Sinn Féin. Thosaigh sé seo i mí na Bealtaine nuair a gabhadh 69 fear agus bean. San áireamh anseo bhí na ceithre Theachta Paralaiminte

Ó lár mhí an Mhárta 1918, tar éis sraith stailceanna ocrais, d’éirigh le príosúnaigh Óglaigh na hÉireann réimeas feabhsaithe sa phríosún a bhaint amach ó údaráis na hÉireann do chuid mhór de na daoránaigh den AUCR. Bhí sé ar fáil dóibh siúd nach raibh a gcionta coiriúil per se, agus dá bhrí sin ní raibh na daoine úd a bhí ciontach as ionsaithe, foréigean, robáil agus coireanna talmhaíochta. Bunaíodh córas le breithiúnas a  dhéanamh ar cé a bhí i dteideal é seo, agus idir lár mhí an Mhárta agus deireadh 1918 scrúdaigh an GPB cásanna de c. 870 daoránach, ina raibh feabhsúcháin ann do c. 590 díobh seo (díreach os cionn 66%). Bhí na príosúnaigh ‘pholaitíochta’ á gcoinneáil, den chuid is mó, leo féin i bpríosúin i nDún Dealgan agus Béal Feirste. Mar shampla, ar an 11 Aibreán 1918, tar éis cinntí a bheith déanta ag an GPB, chuir a rúnaí barántais amach inar éilíodh go mbainfí 70 príosúnach den tsórt sin amach as seacht bpríosún áitiúla – Corcaigh (26), Gaillimh (2), Luimneach (16), Doire (4), Muinseo (10), Sligeach (6) agus Port Láirge (6) – le cur go Béal Feirste. Is cosúil gur cuireadh an dlí ar an chuid is mó díobh siúd nach raibh san áireamh sa chóras ‘polaitíochta’ mar gheall ar an mbaint a bhí acu sa chorraíl thalmhaíochta a leathnaigh amach i gcontaetha áirithe san Iarthar le linn 1918, agus uaireanta is iad na ceannairí áitiúla d’Óglaigh na hÉireann nó de chuid Sinn Féin a spreag iad go díreach nó a bhí rannpháirteach.

Cuireadh an dlí ar bhaill eile d’Óglaigh na hÉireann, cé gur líon i bhfad níos lú a bhí i gceist, i rith 1918 trí úsáid a bhaint as Acht na gCoireanna 1887. Tugadh é isteach mar fhreagra don chorraíl thalmhaíochta a bhain le Plean an Fheachtais. Bhí na húdaráis in ann é a úsáid agus rinne siad é leis na hionchúisimh a thógáil le haghaidh tionóil neamhdhleathaigh, agus ní hamháin i rith na corraíola talmhaíochta. Cheap roinnt daoine a raibh amhras fúthu a bhí gafa, Micheál Ó Coileáin san áireamh, gur thosaigh na húdaráis ag baint úsáide as an tAcht de 1887 i gcoinne roinnt ball d’Óglaigh na hÉireann ionas nach mbeadh orthu an córas feabhsúcháin a bhronnadh bheadh oscailte dóibh leis an gciontú faoi AURC. A luaithe is a bhí sé seo mar ábhar conspóideach sa phreas, áfach, chuir an GPB – le hordú ón bPríomh-Rúnaí – cóir ‘pholaitiúil’ ar fáil dóibh siúd a ciontaíodh faoi Acht na gCoireanna, nuair is é a bhí i gceist leis an gcion, mar shampla, ‘druileáil neamhdhleathach’ seachas ‘grabáil talún’. Sa chaoi seo choinnigh na húdaráis, den chuid is mó, leis an spiorad seachas leis an litir chomhaontaithe ar sroicheadh uirthi lár mhí an Mhárta.

I rith 1918 baineadh úsáid as AUCR (rialachán 14B) arís chun éascú a dhéanamh ar an imtheorannú gan triail de chohórt de na príomhghníomhaithe de chuid Sinn Féin. Thosaigh sé seo i mí na Bealtaine nuair a gabhadh 69 fear agus bean. San áireamh anseo bhí na ceithre Theachta Paralaiminte (Éamon de Valera, George Noble Plunkett, W.T. Cosgrave agus Joe McGuinness), Art Ó Gríofa, a bhí ina iarrthóir i gcorrthoghchán an Chabháin Thoir, an chuid is mó de bhuanchoiste náisiúnta an pháirtí, bolscairí éagsúla aitheanta, agus pearsana áitiúla nach raibh chomh haitheanta sin ach a bhí tábhachtach. Agus iad ag cosaint na
n-imtheorannaithe, mhaígh na húdaráis go raibh baint ghníomhach ag na fir agus na mná seo i gcomhcheilg leis an nGearmáin – ar tugadh go fonóideach ‘Plota na Gearmáine’ air in Éirinn. I ndáiríre, ba iarracht a bhí ann fás de chuid Sinn Féin a sheiceáil, go háirithe i gcomhthéacs an fheachtais i gcoinne an choinscríofa san earrach in 1918. D’ardaigh líon na n-imtheorannaithe go seasta sna míonna ina dhiaidh sin go dtí an 17 Deireadh Fómhair nuair a bhí 92 imtheorannaí á gcoimeád i ngrúpaí beaga i seacht bpríosún de chuid na Breataine – Gloucester, Usk, Lincoln, Reading, Durham, Birmingham agus Holloway. Gabhadh roinnt de na himtheorannaithe a bhí ann níos déanaí agus iad ar a dteitheadh, agus gabhadh imtheorannaithe eile arís agus rinneadh iad a imtheorranú nuair a chaith siad a seal i bpríosúin na hÉireann. Nuair a rinneadh Colivet a imtheorannú agus é scaoilte ó phríosún Bhéal Feirste i mí Lúnasa, dúirt Caoimhín Ó hUiginn go scigmhagúil go gcaithfidh go raibh Colivet i mbun comhcheilge leis na Gearmánaigh ón bpríosún.

Scaoileadh imtheorannaithe ‘Plota na Gearmáine’ amach i mí an Mhárta 1919. Ós rud é go raibh an cogadh leis an nGearmáin thart, bhí sé ag éirí i bhfad níos deacra a bpríosúnacht a chosaint. Mar sin féin, leanfadh stát na Breataine in Éirinn ar aghaidh ag baint úsáide as an AUCR i rith Chogadh na Saoirse. Go deimhin, de réir mar a d’éirigh cúrsaí na tíre níos foréigní, bheadh sé mar uirlis shuntasach bhreise do chúrsaí reachtaíochta éigeandála nuair a tugadh isteach an tAcht um Athbhunú an Oird in Éirinn a ritheadh i mí Lúnasa 1920.

Is léachtóir é an Dr William Murphy i Scoil na Staire agus na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é an t-údar é de Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921 (2014).