Collection title

Stair

An Comhthéacs: Éire, 1914-18, leis an Dr William Murphy

Agus iad curtha le chéile is é atá i gceist leis na blianta ó 1914 go 1918 na céimeanna deireanacha den chéad leath de thréimhse ina raibh míshocracht mhór i gcúrsaí polaitíochta na hÉireann, tréimhse a thosaigh nuair a tugadh isteach an tríú Bille Rialtas Dúchais i mí Aibreáin 1912 agus a lean ar aghaidh go dtí deireadh Chogadh Cathartha na hÉireann i mí na Bealtaine 1923. D’eascair cuid mhór maidir le cad a tharla idir 1914 agus 1918 mar thoradh ar an ngéarchéim a bhí ann nuair a rinneadh iarracht an Rialtas Dúchais a thabhairt isteach, cé go raibh tionchar freisin ar na himeachtaí in Éirinn ag dinimic na polaitíochta ar an oileán, de bharr na bpolasaithe ar glacadh leo in Westminster, agus de bharr éifeachtaí an Chéad Chogadh Domhanda. Ag deireadh an chogaidh sin, d’athraigh Éire, an Bhreatain agus an comhthéacs domhanda. Ní fhéadfaí, fiú dá mbeadh sé inmhianaithe, filleadh ar an tréimhse sin roimh an gcogadh, an uair gurbh é an Rialtas Dúchais an t-ábhar ba thábhachtaí (féinrialtas teoranta) d’Éirinn. Go deimhin, is é is dóichí go raibh drochamhras ar na daoine úd a bhí ag faire go géar linn na míonna luatha in 1914 go raibh an deireadh ag teacht leis an Rialtas Dúchais. Faoi dheireadh 1918, cé go raibh na daoine úd i Londain a cheap gur réiteach míshásúil a bhí ann, cé go bhféadfadh sé a bheith mar bhunús le haghaidh réitigh maidir le ‘fadhb na hÉireann’, do náisiúnaigh na hÉireann bhí sé marbh. Leis sin bhí deireadh le Páirtí na hÉireann, an ghluaiseacht pholaitiúil ina raibh Rialtas Dúchais mar aidhm aici, agus ina ionad tháinig Sinn Féin chun cinn, a d’éiligh níos mó neamhspleáchais, agus dá mbeadh sé indéanta, poblacht.

HS2323 Ulster Unionist anti Home Rule poster 1914
Bhí cur in aghaidh an Rialtais Dúchais go mór i gCúige Uladh agus ar an mbonn sin bunaíodh Óglaigh Uladh.

Ba é 1914 an bhliain ina raibh an Rialtas Dúchais in ainm a theacht i bhfeidhm do gach cearn d’ Éirinn. Bhí an t-am tagtha, a cheap Páirtí na hÉireann, nuair a bheidís mar an bhunaíocht in Éirinn nua. I rith na míonna luatha den bhliain, áfach, ba léir nach raibh an rialtas Liobrálach, cé go raibh sé ag brath ar Pháirtí na hÉireann, in ann b’fhéidir, cinnte nach raibh sé ag iarraidh, rogha na parlaiminte a chur i gcrích agus iad ag tabhairt faoi bhagairtí Aontachtaithe na hÉireann agus coimeádaigh na Breataine araon agus an easpa tacaíochta, mar a bhí acu, ón Rí agus easpa dílseachta an airm. Más rud é go raibh an Rialtas Dúchais le leanúint ar aghaidh dhéanfaí é ar bhonn críochdheighilte ach is cosúil nach mbeadh comhaontú idir ceannairí Pháirtí na hÉireann agus an aontachais maidir le cé mhéad de Chúige Uladh nach mbeadh san áireamh agus cé chomh fada is a bheadh sé i gceist. Idir an dá linn, lean na grúpaí paraimíleatacha a tháinig chun cinn le dul in aghaidh an Rialtais Dúchais (Óglaigh Uladh) agus le féinrialtas Éireannach a chosaint (Óglaigh na hÉireann) ag dul faoi airm, ag druileáil agus ag fás.

Ansin, tharla an cogadh san Eoraip. Sé seachtaine i ndiaidh don chogadh briseadh amach rith an pharlaimint An Rialtas Dúchais agus chuir sí ar fionraí é láithreach, agus bac á chur ar a raibh ina ghéarchéim intíre thromchúiseach. Bhí sé mar a chéile, mar a d’admhaigh an Príomh-Aire H.H. Asquith, agus ‘cloigeann a bhaint de dhuine le fáil réidh leis an tinneas cinn’ ach gan amhras ar bith ba mhór an faoiseamh a bhí ann. Bhí cor sa scéal, áfach. Cé go raibh an bhunaíocht – na Liobrálaithe agus na Coimeádaigh, na náisiúnaigh agus na haontachtaithe – sásta ‘Ceist na hÉireann’ a sheachaint, agus go raibh níos mó ná 200,000 fear ann a liostálfadh le troid i gcoinne na Gearmáine, bhí mionlach de náisiúnaigh scarúnaíocha nach mbeadh sásta ceachtar a dhéanamh. Agus iad ag ceapadh go raibh siad go traidisiúnta ina bpoblachtaigh Éireannacha le fada laistigh de thimpeallacht radacach chomhaimseartha ina raibh sóisialaithe agus sufraigéidí, ní raibh na scarúnaithe seo ar a suaimhneas. Bhí cuid bheag den mhionlach seo – a raibh baint lárnach acu le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann – toilteanach fórsaí paraimíleatacha a úsáid a tháinig chun cinn sna blianta roimhe sin le reibiliún a thosú. Rinne siad é seo um Cháisc 1916.

Teip mhíleata a bhí san ‘Éirí Amach’ sin ach mar thoradh ar an gcur faoi chois agus an iarracht gan éifeacht a bhí ann ina dhiaidh sin leis an Rialtas Dúchais a thabhairt ar ais leis an gcríochdheighilt neartaíodh stoic na radacach agus baineadh an bonn ón meas a bhí ag an bpobal náisiúnaíoch ar Pháirtí na hÉireann. Agus iad ag éirí níos dóchasaí i rith 1917 agus 1918, chuir na scarúnaithe tús le straitéis de dhúshlán poiblí trí úsáid a bhaint as Óglaigh na hÉireann: nuair a bhí feachtas láidir ann chun iad a chosc chuir sé seo lena gcúis arís. Ag an am céanna, agus cé go raibh comhamhras suntasach i gceist, tháinig na grúpaí scarúnaithe éagsúla le chéile mar fhórsa polaitíochta amháin faoin mbrat Sinn Féin agus thosaigh siad ag dul i mbun an bua a fháil ar Pháirtí na hÉireann sa vótaíocht. Nuair a bhuaigh Art Ó Gríofa i gcorrthoghchán an Chabháin Thoir i mí an Mheithimh 1918 bhí an cúigiú ball parlaiminte ag Sinn Féin. Ba é an Cunta George Noble Plunkett, athair Joseph Mary Plunkett, duine de cheannairí an Éirí Amach a cuireadh chun báis, an chéad bhall a toghadh ar ardán scarúnaíoch chomh luath le mí Feabhra 1917.

poster
Bhí cuid mhór díobh siúd a sheas don toghchán do Shinn Féin in olltoghchán 1918 á gcoinneáil i bpríosúin Bhriotanacha ag an am.

I rith an ama seo ar fad ba bhuntáiste é an cogadh. Leis seo cinntíodh gur lig rialtas na Breataine – a bhí mar chomhrialtas ó mhí na Bealtaine 1915 ar aghaidh – don ghéarchéim athnuaite fás. Ní hamháin nár éirigh leo Páirtí na hÉireann a threisiú, d’éirigh leo cur le Sinn Féin i rith 1917 agus 1918, agus tuairim an phobail náisiúnaigh a radacú tríd an lámh láidir a úsáid d’éagsúlacht ghuagach agus neamhéifeachtach agus trí bhagairt a dhéanamh le coinscríobh a thabhairt isteach in Éirinn le linn an earraigh in 1918. Bhí beagnach dhá mhilliún duine a shínigh gealltanas i gcoinne an choinscríofa in Éirinn i mí Aibreáin na bliana sin, agus cé gur ghlac Páirtí na hÉireann agus an Eaglais Chaitliceach páirt san fheachtas ba iad Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann a chuir lena mbaill.

In olltoghchán an 14 Nollaig 1918 – a bhí ar siúl díreach mí i ndiaidh dheireadh an chogaidh – deimhníodh an réabhlóid i bpolaitíocht náisiúnach na hÉireann. Níor bhuaigh Páirtí na hÉireann ach amháin 6 shuíochán cé gur bhuaigh Sinn Féin 73 cinn. Léirigh Michael Laffan go ndeachaigh iarrthóir de chuid Sinn Féin díreach i gcoinne iarrthóra de chuid Pháirtí na hÉireann i 37 toghcheantar agus bhuaigh siad 35 díobh seo. Ina bhforógra gheall siad nach nglacfaidís lena suíocháin in Westminster ach go ndéanfaidís iarracht Poblacht de chuid na hÉireann a bhunú trí thionól eile a ghairm in Éirinn agus áit a lorg ag comhdháil na síochána i ndiaidh an chogaidh. Ag deireadh an lae, chreid siad go mbeadh an féinchinntiúchán náisiúnta mar phríomhphrionsabal na mbunrialacha ‘nua’ den chaidreamh idirnáisiúnta. Ar an láimh eile, bhí stádas mionlach substaintiúil ag an aontachas in Éirinn agus bhí stádas tromlach aige i gcuid mhór de Chúige Uladh. Fuair na hAontachtaithe 26 suíochán sa toghchán, méadú de 8 gcinn. Ina theannta sin agus níos tábhachtaí fós, cé gur fhill an comhrialtas bhí athruithe móra sa bhallraíocht. Bhí vóta an Pháirtí Liobrálaigh tar éis titim as a chéile, a chinntigh gur comhpháirtí an-bheag a bhí ann anois i gcomparáid leis na Coimeádaigh, cé gur choinnigh David Llyod George an post mar Phríomh-Aire. Is cosúil go raibh uasaicme na Breataine ag dul i gcoinne na tuairime a bhí ag náisiúnaithe na hÉireann. Leis an gcás mar seo, agus le cuid d’Óglaigh na hÉireann a bhí sásta a gcuid gunnaí a úsáid, d’éirigh an ghéarchéim níos measa.

Is léachtóir é an Dr William Murphy i Scoil na Staire agus na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é an t-údar é de Political Imprisonment and the Irish, 1912-1921 (2014).