Collection title

Campa Imtheorannaithe Frongoch - Merioneth, An Bhreatain Bheag

Díreach i ndiaidh an Éirí Amach ghabh údaráis na Breataine beagnach 3,000 duine. Ós rud é nach raibh an córas príosúin in ann na daoine sin uile a choimeád cinneadh go mbainfí úsáid as campa imtheorannaithe do phríosúnaigh Éireannacha. Roghnaíodh úsáid a bhaint as Campa Frongoch, gar do Balla, i dTuaisceart na Breataine Bige, a tógadh ar dtús mar champa do phríosúnaigh Ghearmánacha den Chéad Chogadh Domhanda. Ón 9 Meitheamh 1916 bogadh an chuid is mó de na himtheorannaithe fireanna ann. Ag an uair ba ghnóthaí, sa samhradh in 1916, bhí timpeall 1,800 príosúnach Éireannacha faoi choimeád in Frongoch.

Ón bhfómhar ar ghaidh in 1916 thosaigh údaráis na Breataine ag scaoileadh fir amach agus á seoladh abhaile go hÉirinn. Bhí Frongoch go hiomlán folamh faoin Nollaig in 1916 nuair a scaoileadh amach na himtheorannaithe deiridh. Níor úsáideadh an láthair riamh arís mar champa príosúin agus leagadh go talamh é ina dhiaidh sin.

Related books: Frongoch 1916 , Frongoch 1916, Frongoch 1916, Frongoch 1916 agus Dáil Éireann 1919, Frongoch Deireadh Fómhair & Samhain 1916, Frongoch Deireadh Fómhair & Samhain 1916, Príosún Stafford agus Frongoch 1916