Collection title

Ospidéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath - Dublin, Éireann

Iarmhairt den Chéad Chogadh Domhanda ba ea Ospidéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath. I mí na Nollag 1914, de réir mar a tháinig níos mó agus níos mó saighdiúirí gortaithe chuig Baile Átha Cliath ón bhfronta, tháinig moladh chun cinn le feabhas a chur ar na háiseanna leighis a bhí ar fáil trí na hárasáin searmanais sa Chaisleán (Seomra an tSuíochána Ríoga san áireamh) a athrú isteach in ospidéal. Bunaíodh coiste, bailíodh airgead agus rinneadh Bord na nOibreacha na hoibreacha athchóirithe riachtanacha. Baill foirne an ospidéil ba ea dochtúirí Chór Liachta an Airm Ríoga, timpeall seasca altra agus an Chros Dhearg.

In 1916, tugadh cúram do na daoine a gortaíodh agus a carnadh i rith an Éirí Amach in ospidéil mhíleata agus shibhialta éagsúla ar fud na cathrach, an t-ospidéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina measc. I rith sheachtain an Éirí Amach cuireadh cóir leighis ar 176 duine, saighdiúirí, reibiliúnaigh agus sibhialtaigh. A luaith agus a bhí biseach orthu le fágáil bogadh na príosúnaigh Éireannacha ar dtús chuig príosún i mBaile Átha Cliath nó chuig beairic mhíleata agus ansin ar aghaidh go dtí príosún sa Bhreatain. Ba é Cathal Brugha an príosúnach Éireannach deiridh a d’fhág an t-ospidéal a bhí díreach tar éis teacht chuige féin óna chuid gonta i mí Lúnasa 1916. Lean an t-ospidéal ag cur cóir leighis orthu siúd a bhí gortaithe sa Chéad Chogadh Domhanda tar éis an Éirí Amach, agus dúnadh é in 1919.

Related books: Ospidéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath Meitheamh 1916, Ospidéal Chaisleán Bhaile Átha Cliath Bealtaine 1916.