Collection title

Príosún Bhéal Feirste - Antrim, Tuaisceart Éireann

Críochnaíodh ag tógáil Phríosún Bhéal Feirste, ar Bhóthar Chromghlinne, in 1845. Bunaíodh é ar an dearadh a bhí ar Phríosún Pentonville i Londain agus nuair a tógadh é chonacthas é mar Phríosún nua-aoiseach.  Ba phríosún d’fhir é go príomha ach bhí sciathán ban ann freisin. Cé gur dearadh é go príomha do choirpigh, bhíodh príosúnaigh pholaitíochta i bPríosún Bhéal Feirste go minic. Ní raibh príosúnaigh Éireannach sa Phríosún díreach i ndiaidh Éirí Amach 1916. Ach, tar éis roinnt stailceanna ocrais i measc na bpríosúnach É ireannacha in 1918, d’ardaigh líon na bpríosúnach de bharr gabhálacha faoin Acht um Chosaint na Ríochta, agus bhí cillíní breise ag teastáil a bhliain sin. I mí an Mhárta 1918 bogadh na mná i bPríosún Bhéal Feirste go dtí Ard Mhacha, agus i mí Aibreáin bogadh 95 príosúnach polaitíochta Éireannacha chuig an bPríosún.  Ina measc bhí Austin Stack agus Joe MacDonagh a bhí i mbun feachtais i measc príosúnach a bhí i gcoinne na gcoinníollacha ina raibh siad. I rith thréimhse an Chogaidh Angla-Éireannaigh, 1919-21, bhí príosúnaigh pholaitíochta sa Phríosún, agus arís go déanach sna 1960idí ar aghaidh. Dúnadh an Príosún in 1996.

Related books: Príosún Bhéal Feirste 1918