Collection title

Príosún Chill Mhaighneann - Dublin, Éireann

Tógtha in 1796, in áit a raibh mar imeall na cathrach an uair sin, ba é Príosún Chill Mhaighneann ceann de na príosúin  ba thábhachtaí i mBaile Átha Cliath. Bhí príosúnaigh choirpeacha agus pholaitíochta faoi choimeád ann. De bharr gur fhreagairt mhíleatach a bhí i gceist le hÉirí Amach 1916, níor úsáideadh Cill Mhaighneann mar áit phríosúnachta. B’fhearr leis na húdaráis mhíleata beairic mhíleata a úsáid, ar nós Richmond, leis an gcuid is mó de na príosúnaigh a choimeád sular bogadh iad go dtí an Bhreatain. Ach, bogadh na príosúnaigh sin a fuair pionós an bháis tar éis an Éirí Amach ó Bheairic Richmond agus coimeádadh iad i gCill Mhaighneann go dtí gur cuireadh chun báis iad nó gur athraíodh a bpionóis. Cuireadh 14 de na ceannairí den Éirí Amach chun báis i gCill Mhaighneann i mí na Bealtaine 1916. Coinníodh ag baint úsáide as Cill Mhaighneann i príosúnaigh pholaitíochta a choimeád i rith Chogadh na Saoirse agus an Chogadh Chathartha, agus dúnadh síos é ag an deireadh in 1924. Rinneadh athchóiriú ar an bPríosún in 1960 agus d’oscail sé go poiblí mar mhúsaem in 1971.