Collection title

Príosún Dhún Dealgan - Louth, Éireann

Tógadh Príosún Dhún Dealgan in 1853. San fhoirgneamh eibhir bhí bloc lárnach riaracháin agus dhá sciathán de chillíní. Dearadh é le príosúnaigh a choimeád ina 125 cillín iomlán. Faoin am a bhí an tÉirí Amach ann ní raibh an Príosún in úsáid mórán agus in 1917 ní raibh faoi choimeád ann ach 39 fear. Níor úsáideadh Dún Dealgan nuair a thosaigh an tÉirí Amach, ach úsáideadh é in 1917 d’fhir a bhí á gcoimeád faoin Acht Um Chosaint na Ríochta de bharr a bheith gníomhach go polaitiúil. I mí na Samhna 1917 bogadh 64 fear ó Mhuinseo i mBaile Átha Cliath ina raibh barraíocht príosúnach go Dún Dealgan. Faoi dheireadh na bliana scaoileadh amach na príosúnaigh uile. Is ionad cultúrtha é anois ina bhfuil Cartlanna an Lú.

Related books: Príosún Dhún Dealgan agus Mhuinseo 1917