Collection title

Príosún Mhuinseo - Dublin, Éire

Osclaíodh Príosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath in 1850, agus cosúil le líon mór príosún ag an am tógadh é i gcomhréir leis an dearadh de phríosúin ‘eiseamláireacha’ Pentonville i Londain agus Port Arthur sa Tasmáin, mar a thugtaí orthu. Níor úsáideadh Muinseo díreach i ndiaidh Éirí Amach 1916 toisc gurbh fhearr leis na húdaráis mhíleatacha na príosúnaigh a choimeád i mbeairic mhíleata sular aistríodh iad go dtí an Bhreatain. Baineadh úsáid as Muinseo do phríosúnaigh pholaitíochta Éireannacha ó dheireadh an tsamhraidh in 1917 agus ba iad seo fir den chuid is mó a gabhadh faoin Acht Um Chosaint na Ríochta as druileáil neamhdhleathach a dhéanamh. I measc na bpríomhphriosúnach a bhí á gcoimeád i Muinseo ag an am bhí na deartháireacha Brennan, Austin Stack agus Thomas Ashe. I mí Mheán Fómhair 1917 d’imigh 38 ball d’Óglaigh na hÉireann ar stailc ocrais i Muinseo mar agóid i gcoinne na gcoinníollacha déine agus d’éiligh siad stádas príosúnaigh chogaidh. I gcomhréir leis an gcleachtas coitianta ag an am cuireadh iallach ar phríosúnaigh ithe, agus ar an 25 Meán Fómhair fuair Thomas Ashe bás de bharr a bheith gortaithe nuair a cuireadh iallach air ithe in Ospidéal Mater. I ndiaidh bás Ashe feabhsaíodh na coinníollacha do phríosúnaigh pholaitíochta. Bhí príosúnaigh pholaitíochta i Muinseo i rith Chogadh na Saoirse agus i rith an Chogadh Chathartha. Tá Muinseo fós in úsáid agus is é an príosún is mó i mBaile Átha Cliath ina bhfuil 520 príosúnach.

Related books: Príosún Dhún Dealgan agus Mhuinseo 1917